Kerry ETB
Gaelcholáiste Chiarraí

Stair na scoile - History of the school

Stair Gaelcholáiste Chiarraí
1989 - 2003

Scríofa ag Páidí Ó Lúing (Ar dheis Dé go raibh a anam dílis)

Aibreán 1982

  • D’iarr Bórd Bainistíochta Scoil Mhic Easmainn (an bun scoil lán Ghaeilge i dTrá Lí) ar an Roinn Oideachais scolaíocht lán Ghaeilge dara leibhéal a chur ar fail i dTrá Lí.
  • D’iarr an Bórd Bainistíochta céanna ar Choiste Ghairmoideachais Bhaile Thrá Lí a iarraidh ar an Roinn Oideachais Colaíste Pobail lán Ghaeilge a bhunú i dTrá Lí.


12 Márta 1984
Dhein an Coiste Gairmoideachais i dTrá Lí cinneadh i bprionsabal i bhfábhar Coláiste Pobail lán Ghaeilge a bhunú.

27 Meitheamh 1984
Chuir an Roinn Oideachais in iúl go rabhadar sásta sruth Lán Ghaeilge a cheadú – nascaithe le Coláiste Pobail Thrá Lí.
Dhiúltaigh an coiste áitiúil don dtairiscint seo, agus bheartaíodar toscaireacht a chur go dtí an Roinn Oideachais chun a gcás a chur i láthair. I measc an ghrúpa a chuaigh go Baile Átha Cliath chun bualadh leis an Roinn bhí Seán Ó Loingsigh, Seán Ó Dónaill, Pádraig Mac Fhearghusa agus cathaoirleach an Choiste Ghairm Oideachais Michéal Ó Reagáin atá anois ar shlí na fírinne.


18 Iúil 1984
Chuir an Roinn Oideachais in iúl go rabhadar sásta Aonad Lán Ghaeilge a bhunú agus muinteóir le Post Grád A ina chúram. Bheadh an tAonad seo lonnaithe i gColáiste Pobail Thrá Lí agus bheadh na h-abhair ar fad dá múineadh tré Ghaeilge. Tareis roinnt mhaith cuir agus cúitimh ghlac an coiste aitiúil le cinneadh na Roinne Oideachais.

Lúnasa 1984
Roghnaigh Coiste Ghairmoideachais Bhaile Thrá Lí Pádraig Ó Dálaigh mar mhuinteoir i bhfeighil an Aonaid. Bhí Pádraig fostaithe sa Choláiste Pobail go dtí seo.

1ú Meán Fomhair 1984
Thosnaigh an tAonad Lán Ghaeilge ag feidhmiú i gColáiste Pobail Thrá Lí agus deichniúr ag freastal air.
De thoradh na forbartha a tháinig ar an Aonad agus de thoradh na dea-thola i measc bhaill an Coiste Ghairmoideachais i dTrá Lí agus an Roinn Oideachais dhein an tAire Oideachais Máire Uí Ruairc cinneadh i Mí Eanair 1989 go ndéanfaí Coláiste Pobail don Aonad Lán Ghaeilge.


Meitheamh 1989
Dhein micléinn bhliain 6 an Aonaid an Ardteistiméireacht, an chéad grúpa micléinn a dhein an Árdteist tré Ghaeilge i dTrá Lí le fada an lá. Seisear a bhí sa rang.

Iúil 1989
Ceapadh Pádraig Ó Dálaigh mar Phríomh Oide ar Ghaelcholáiste Chiarraí
Fograíodh go mbeadh na muinteoirí lán aimseartha seo a leanas dá n-aistriú ón gColáiste Pobail go dtí an nGaelcholáiste :- Éamonn Mac Muiris, Eleanor Ní Shuilleabháin, Aibhistín Ó Seachnasaigh, Anna Ní Shuibhne agus Pádraig Ó Lúing.
Ceapadh Eddie Ó Murchú mar mhuinteoir páirt aimseartha. Tá na muinteoirí seo ar fad fós sa Ghaelcholáiste.


1ú Mean Fomhair 1989
Tháinig Gaelcholáiste Chiarraí ar an saol i bhfoirgneamh na sean chéardscoile i dTobar Mhaigh Dor, Trá Lí. Tuairim is 60 Macléinn a bhí ar an rolla – 14 i mbliain 1. Ceapadh Seán Ó Loingsigh mar Chathaoirleach ar an mBórd Bainistíochta – cúram a bhí air go dtí gur éirigh sé as sa bhliain 2000. Do bé Gaelcholáiste Chiarraí an chéad scoil dara leibhéal lán Ghaeilge sa tír lasmuigh de Bhaile Átha Cliath agus na Gaeltachtaí.

Cursaí Dramaíochta sa Ghaelcholáiste 1990 ar aghaidh
Tháinig borradh agus fás thar óiche ar chursaí dramaíochta faoi stiúir Eleanor Ní Shuilleabháin Mhic Shuibhne. Bhuaidh an scoil an chéad duais i gComórtas Slógadh na bliana 1990 i rannóg na ndramaí raidio. I mBealtaine na bliana 1991 bhuaigh aisteoirí an Ghaelcholáiste comórtas Féile na dTeangacha a tionóladh i dTeach an Árd Mhaora i mBaile Átha Cliath leis an ndrama “Sinne agus Iadsan”.Bhíodar tareis an 2ú áit a bhaint amach i Slogadh i nDúrlas níos luaithe an bhliain sin.
Ar an 1ú Bealtaine ’92 leirigh aisteoirí na 5ú bliana an drama “Sadhbh” le John B Keane i halla Scoil Mhic Easmainn agus an bhliain dar gcionn d’éirigh thar bárr leis an scoil sa chomórtas Scoil Dramaíochta a tionóladh i gColáiste Phádraig, Droimconnrach, in ainneoin gur theip ar an gcóras fuaime i rith an chéad taispéantais agus go raibh ar na haisteoirí an dráma a dhéanamh faoi dhó.
Ar na dramaí eile atá leirithe ag micléinn an Ghaelcholáiste thar na mblianta tá “An Bás agus Peats Aerach” “An Faisean is Déanaí” “ An Buidéal Rum” “The Pressure Cooker” agus “Faoiseamh” - drama le J.B. Keane, chomh maith le iliomad agallaimh beirte, luibiní &rl.


Meitheamh 1990
Deineadh an Árd Teist sa Ghaelcholáiste don gcéad uair. Naonúr a bhí sa rang. Roghnaíodh Caitríona Ní Chonfhaola mar Dhalta na Bliana – an chéad uair a bronnadh an Gradam.

1991/92
Lean an fhás agus an fhorbairt ar an nGaelcholáiste. Bhí go leor daltaí ag freastal ar an scoil sa bhliain 1991/92 go raibh ar chumas na scoile foireann pheile a chur le chéile agus páirt a thógaint i gcomórtas idir scoileanna teoranta do bhliain 1. Ba ar an 24ú Feabhra 1992 an chéad uair a chuaigh foireann pheile ón nGaelcholáiste chun páirce. Lios Tuathail an suíomh don gcéad chluiche seo a h-imríodh i gcoinne Chéard Scoil Lios Tuathail. Ar fhoireann an Ghaelcholáiste an lá san bhí Éamonn Mac Muiris atá ar fhoireann Chiarraí faoi láthair. Bliain stairiúil a bea an bhliain 1992 mar chomh maith le páirt a thógaint i gComortaisí peile don gcéad uair do bí seo an bhliain a tháinig an chéad buíon daltaí ó Oileán Chiarraí. Seachtar a bhí sa ghrúpa.
Ceapadh Páidí Ó Lúing mar leas phríomhoide gníomhach ar an nGaelcholáiste – an chéad leas phríomhoide a bhí ar an scoil agus foilsíodh an chéad Irisleabhar de chud na scoile. Eagraíodh an chéad turas scoile ar an 22ú Bealtaine – turas lae go Cléire. Ba léir go raibh an scoil ag dul ó neart go neart agus in agallamh leis an Iris “CNAG” i bhFómhar na bliana 1992 duirt Barney Ó Raghallaigh P.O.F. gur “mhór an chúis áthais dom fás an Ghaelcholáiste”. Ins an eagrán céanna den Iris cuirtear in iúl “ by no means all of Gaelcholáiste’s pupils come from Tralee’s Scoil Mhic Easmainn. Fully one third of the pupils have not had an all-Irish primary education and come from various schools around Tralee”. Chuir Padraig Ó Dálaigh Príomh Oide an Ghaelcholáiste in iúl “The entry qualification is a positive attitude to Irish on part of pupils and parents”. Ar chlár na scoile i 1992 bhí na h-ábhair seo leanas Gaeilge Béarla, Francis, Gearmáinis, Matamaitic, Fisic, Bitheolaíocht, Liníocht Theicniúil, Stair agus Gnó go leibhéal na hÁrd Teiste.


4 Méan Fomhair 1992
Thug Uachtarán na hÉireann Máire Mhic Roibín cuairt ar an nGaelcholáiste

I Mí na Nollag 1992 chuir an Crannchur Naisiúnta in iúl go raibh deontas £25,000 a cheadú le haghaidh Ionad Cultúrtha a bhunú sa Ghaelcholáiste de bharr an tradisiúin dramaíochta a bhí sa scoil.


Cursaí Spóirt (1992 ar aghaidh)
An chéad fhoireann a dhein ionadaíocht thar cheann an Ghaelcholáiste – 24-2-92 (feach thuas)
In ainneoin gur foireann pheile an chéad fhoireann a dhein iomaíocht thar cheann an Ghaelcholáiste ba san iománaíocht ba thúisce a buadh corn. Ar an 22ú Deireadh Fomhair 1993 bhuaigh an fhoireann faoi 16 ½ bl. blitz iománaíochta an Chontae. Ba é Eddie Ó Murchú traenalaí an Ghaelcholáiste. Mac isea Eddie le iar-iománaí Chorcaí Willie “Long Puck” Murphy agus is iomaí corn atá tugtha aige go dtí an nGaelcholáiste ó shin – san iománaíocht agus sa pheil. I measc na gcorn tá Comórtas Peile an Chontae teoranta do bhliain 1 i 1994, Comórtas Iománaíochta an Chontae faoi 16 ½ i 1996, Craobh na Mumhan B sa pheil shinsir i 1998, 1999, 2002 agus 2003 – an chéad scoil a bhuaidh an Chraobh don gceathrú babhta, Comórtas Iománaíochta Shinsir an Chontae 1999, Comortas iomanaíochta faoi 14 bliana 2000, Craobh Chiarraí, Peil Shinsir B 2002 agus alan mion-chomortaisí eile. Is é Eddie traenalaí iománaithe an Chontae a dhein chomh maith san i mbliana sa tsraith Chomortas Iománaíochta Roinn II.
Tá boinn uile Éireann buaite ag cuid mhaith micleinn le fóirne Chéardscoileanna Chiarraí.


Méan Fomhair 1993
Ceapadh Éamonn Mac Muiris mar leas phriomhoide ar an nGaelcholáiste.

Samhain 1993
Chláraigh an 100ú dalta sa Ghaelcholáiste. Siad clann Mhic Anna a bhí i gceist. D’fhilleadar ar Thrá Lí taréis dóibh bogadh go Béal Feiriste dhá bhliain roimhe sin. Do bí Maireád Máire Nic Anna an 100ú dalta agus tá a deartháir Gearóid sa scoil fós – é ag deanamh na hÁrdteiste i mbliana.

15 Aibrean 1994
D’oscail Aire na Gaeltachta Michéal D. Ó hUigín Cultúrlann an Ghaelcholáiste go hoifigiuil. Tógadh an Culturlann le cabhair ón gCrannchur Naisiúnta de bharr an traidisiúin laidir dramaíochta atá sa scoil.


Méan Fomhair 1995
Bunaíodh an Idirbhliain sa scoil.

Samhradh 2000
Roghnaíodh Pádraig Mac Fhearghusa mar chathaoirleach ar Bhórd Bainistíochta an Ghaelcholáiste.

2000
183 macléinn sa Ghaelcholáiste. Tá freastal á dhéanamh aige ar na ceithre Gaelscoileanna atá sa chontae - Scoil Mhic Easmainn (Trá Lí), Gaelscoil Aogáin (Oilean Chiarraí), Scoil Fathalan (Cill Áirne) agus Gaelscoil Lios Tuathail chomh maith le daltaí ó ghnáth bhunscoileanna gur mian leo oideachas dara leibhéal lán Ghaeilge a fháil.
Tá seisear deág muinteóirí sa Ghaelcholáiste – seachtar díobh ag teagasc ann ó d’oscail an scoil i 1989.
Tá fadhb spáis sa scoil faoi láthair agus iarratas curtha chuig an Coiste Ghairm Oideachas ag lorg seomraí breise sa bhfoirgneamh i dTobar Mhaigh Dor. Meastar go bhfuil an lá ag teacht go tapaidh nuair a bheidh foirgneamh nua ag teastáil chun an éileamh atá ar Oideachas lán Ghaeilge dara leibhéal a shásamh.




Imeachtaí eile
Turasann scoile

Tá micléinn an Ghaelcholáiste taréis turasanna a thabhairt ar an Rúis (1993), Londain (1996), An Ghearmáin (1998), Parás (2000), Amsterdam agus Koln (2002) agus tá turas go hAlbain dá eagrú faoi láthair don mbliain 2004. Is é Páidí Ó Lúing a eagraíonn na turasanna scoile.

Cispeil
Anna de Staic agus Sinéad de Brún i bhfeighil. Craobh Chiarraí buaite i 1998 agus Craobh na hEireann sroiste i mbliana ag cailiní sóisearacha.

Peil na gCailiní
Bhuaigh foireann shoisir na gCailiní Craobh Chiarraí i 1998 faoi stiúir Anna de Staic. Bríd Ní Shuilleabháin i bhfeighil na gcailiní faoi lathair.

Éamonn Mac Muiris Iar mhacleinn de chuid an Ghaelcholáiste agus mac leas-phríomhoide na scoile. Ar fhoireann Shinsir Pheile Chiarraí faoi láthair. Bhuaigh sé bonn Uile Éireann sa bhliain 2000 agus thug Corn Sam Maguire ar thuras go dtí an Gaelcholáiste.

Diospóireachtaí, Comórtaisí Liteartha &rl.
Níl aon aireamh ar na duaiseanna atá buaite i gcomortaisí éagsúla eagraithe ag Gael-Linn, Foinse, Feasta, Saol &rl.

Bronnadh Sheirbhís Oideachais Chiarraí 2001
D’eirigh le iar-mhicleinn de chuid an Ghaelcholáiste ceithre cinn de na cúig phriomh dhuais a bhaint amach. Bronntar na duaiseanna seo ar na micléinn a fuair na torthaí Árdteiste is fearr i sa chontae.
Stádas na GaeilgeIs í an Ghaeilge teanga cumarsáide an Ghaelcholáiste. Deintear gach dícheall micléinn a mhealladh agus a ghríosadh chun an Ghaeilge a labhairt trí chomórtaisí a eagrú sa scoil tré mheán na Gaeilge agus tré dhuaiseanna a bhronnadh ar na micleinn is mó a dheineann iarracht an Ghaeilge a labhairt. Bronntar gradam speisialta ag deireadh na bliana ar an micleinn a sheasaíonn amach maidir le labhairt na Gaeilge. Is í Eleanor Mhic Shuibhne atá i bhfeighil labhairt na Gaeilge.



D.Fómh 21
2021
Cruinniú Tuismitheoirí/Múinteoirí BL1
D.Fómh 25
2021
Meán Téarma
Samh 01
2021
Taithí oibre Bl.4
Samh 01
2021
Athoscailt na Scoile tar éis an leath-théarma
20-Lún-2021
Seo físeán atá cruthaithe ag an RO le comhairle a chur ar thuismitheoirí agus páistí faoi dhul ar ais ar scoil. Below are guidance and videos the DE have created with back to school advice for parents and students
11-Lún-2021
Please find arrangements for return to school in August/September 2021 below
Tobar Mhaigh Dor, Trá lí, Co. Chiarraí, V92 N763.
Tobar Mhaigh Dor 066 7121650
Tigh Collis Sandes 083 88 00 126
DÉAN TEAGMHÁIL LINN
SUÍOMH NA SCOILE
© 2021 Gaelcholáiste Chiarraí